Pill A Run O

Pill, pill a rún ó

Pill a rún ó is ná himigh uaim

Pill orm a chuisle 's a stór

Agus chífidh tú 'n ghlóir má fhilleann tú

Shúil mise thall is abhus

I Móta Ghráinn' Óige do rugadh mé

'S ní fhaca aon iontas go fóill

Mar an Sagart Ó Donaill 'na mhinistir

Pill, pill a rún ó

Pill a rún ó is ná himigh uaim

Pill orm a chuisle 's a stór

Agus chífidh tú 'n ghlóir má fhilleann tú

Dhiúltaigh tú Peadar is Pól

Mar gheall ar an ór 's ar an airgead

Dhiúltaigh tú Banríon na Glóire

Agus d'iompaigh tú gcóta 'n mhinistir

Pill, pill a rún ó

Pill a rún ó is ná himigh uaim

Pill orm a chuisle 's a stór

Agus chífidh tú 'n ghlóir má fhilleann tú