An Fharraige

Éist le ceol binn na farraige

Siúl thart fán chladaigh

Éist le ceol binn na farraige

Siúl thart fán chladaigh

An áit a mothaíonn túsa suaimhneas

An áit a mothaionn túsa ciúnas

Ag éisteacht leis an taoide, amach is isteach

Fuaim na gaoithe dóchas beo

Lig do shúile síneadh go bun an aeir

Féach anois tá sólás ag mo chroí

Amharc amach ar an fharraige

Gan comhrá na comhairle ar an trá bhán

An áit a chím gorm glas an uisce

An áit a chímse tonnaí ag damhsa romham

Ag éisteacht leis an taoide, amach is isteach

Fuaim na gaoithe dóchas beo

Lig do shúile síneadh go bun an aeir

Féach anois tá sólás ag mo chroí

Éist le ceol binn na farraige

Luath leat fhéin ar maidin

An áit a mbíonn cumhacht luí na gréine

An áit a mbíonn draíocht dheireadh an lae

Ag éisteacht leis an taoide, amach is isteach

Fuaim na gaoithe dóchas beo

Lig do shúile síneadh go bun an aeir

Féach anois tá sólás ag mo chroí

Éist le ceol binn na farraige