Rince Philib A'cheoil

Poirtín sheáin a tsíoda

As rince philib a'cheoil

Déansa domhsa rince

Is seinnfidh mise an ceol

Cúrfá

ó sé bhean nach deas í

ó sé bhean nach seoigh

ó sé bhean nach deas í

Rince philib a'cheoil

Poirtín sheáin a tsíoda

As rince philib a'cheoil

Sin mar bhí go dú seo

's amhlaidh bhéas go deo

Cúrfá

Poirtín sheáin a tsíoda

As rince philib a'cheoil

Greas do choróin phíoba

Meidhreach agus go beo

Cúrfá

Poirtín sheáin a tsíoda

As rince philib a'cheoil

Aoibhinn linn an rince

An siamsa agus an ceol.

Cúrfá