Bunan Bui

A bhonnáin bhuí 's é mo léan do luí

'S do chnámha sínte tar éis do ghrinn

'S ní easpa bidh, ach díobháil dí

A d'fhág 'do luí thú ar chúl do chinn

Is measa liom féin ná scrios na Traí

Tú a bheith 'do luí ar leaca lom'

Is nach ndearn' tú díth ná dola sa tír

'S nárbh fhearr leat fíon ná uisce poll

Ní hiad bhur n-éanlaith atá mé ag éagaoin

An chuach, an traonach ná'n chorr bhreac

Ach mo bhonnán buí, a bhí lán den chroí

'S gur chosúil liom féin é i nós 's i ndath

Bhíodh sé 'síoraí 'g ól na dí

Is deirtear go mbímse mar sin seal

Níl aon bhraon dá bhfaighinn nach ligfinn síos

Ar eagla go bhfaighinnse bás den tart

'S é 'd'iarr mo stór orm ligean den ól

Nó nach mbeinnse beo ach seal beag gearr

Ach dúirt mé léi gur thug sí an bhréag

Is gurbh fhaidide mo shaolsa an deoch úd 'fháil

Mar an bhfeiceann sibh éan an phíobáin réidh

A chuaigh in éag den tart ar ball?

'S, a chomharsana cléibhe, fliuchaigí bhur mbéal

Mar ní bhfaighidh sibh aon bhraon i ndiaidh bhur mbáis