An Tull

Tá scéilín na 'gam le h-insint dóibhse

Cúrsaí spóirt agus comhrá dí

Úll breá gleoite do chuireas I mo phóca

'S ni bhfuaras romham ach prátín síl

Ó mo thuirse mar shileann mo shúile

Indiadh an úll ud a bhí bréa buí

An óig-bhean uasal bhí t'reis é thabhairt domh

'S do thabhairfinn púnt ar é bhlaiseadh arís

Do shiúlais Cléire agus Carraig Aonair

Cuanta Béara bhi romham sa tslí

Puinte na nGréige 'gus na nDorsaí Maola

An fhiach 's an lao taobh amuigh de Bhaoi

Do shiúlais Cualach mar a bhíos buartha

An pharoiste thuaidh a 's na hAdhraí

San oileán Muarseadh d'inis dom buachaill

Nach bhfáilghinn a thuairisc go dtéinn thar snaidhm

Do shiúilíos Coíbh agus Baile na Móna

Cathair Tún Tóime 'gus Inis Seircín

Soir ar a chósta sea d'inis domh stróinse

Go rabh sé 'na sheo acu ar Sráid Néidin