An Gabhar Ban

Sa tsean ghleann thiar a bhi sí raibh

Go dtí gur fhás na hadharc' uirthi

Bliain is céad is corradh laethe

Go dtáinig an aois go tréan uirthi

Bhi sí gcró bheag ins an cheo

Go dtáinig feil'eoin is gur éalaigh sí

Thart an ród san bealach mór

Gur lean a tóir go gear uirthi.

Ni raibh nduine ar a tóir ach donnchú óg

Is d'ith sí an lón san t-anlann air

Ni raibh aige ina dhorn ach ceap túine mór

Agus leag sé anuas ón arradh í

Nuair a chuala an gabhar bán go raibh sí ar lár

Thug sí léim chun tárrthála

Thug sí rás 's ni raibh sí sásta

Is leag sí spíon an táilliúra.

Chomh cruinn le rón gur thóg sí feoil

Gan pis gan mórán déibhirce

Ach d'ith sí cib agus barr an fhraoich

Slánlús min is craobhógai

Draoin is dreas is cuilcann glas

Gach ní ar dhath na h-áinleoga

Cutharán sléibhe, duilliúr féile

Caora sréana agus blainséogai.

Chuaigh sí dhíol cios le caiftín spits

Is chraethnaigh a croi go dtréigfí í

Chaith sí an oíche ar bheagán bidh

Mar ndúil is go geasfaí féar uirthi

D'fan sí 'a óiche I dtóin ros coill

Is chaith sí é go pléisúra

Go dtáinig an slua ar maidin go luath

Is thug siad amach as éirinn í.